Including, Innovating, Inspiring.

DLP Mr. Lorcan Coyle | DDLP Ms. Sinéad Lally

PH: (01) 490 3057

School Office

Office: 08:45 - 14:30

Monday to Friday

Forfield Park

Terenure, D6W HP92

Gaeilge inár scoil

Ó thaobh an Ghaeilge de anseo i Scoil Naomh Pius déanaimid an-iarracht an teanga a choimead beo, beathach i measc na múinteoirí agus na páistí.

Is cinnte go bhfuil an chultúr ghaelach láidir sa scoil leis na cluichí gaelacha, an cheol agus an teanga í féin.  Gach bliain canann cór na scoile cúpla amhráin trí Gaeilge ag an gCoineartú agus an gCéad Comaoineach. Leis sin ráite, áfach is sna seomraí ranga agus is ag a baile a mhúintear an Ghaeilge don chuid is mó. Leis an tacaoícht sin ó na múinteoirí agus ó na tuismitheoirí is cinnte go gcloisfimid an Ghaeilge go láidir amach anseo i Scoil Naomh Pius.

I mí Márta gach bliain a dhéanaimid ceiliúradh ar an teanga agus is sa mhí seo a bhaineann na páistí an- chraic agus an- spraoi as gach rud gaelach!

Bíonn an-ceiliúradh againn do sheachtain/choicís na Gailege. Bíonn an teanga le cloisteáil ní amháin sna seomraí ranga ach i bpasáistí na scoile, sa halla spórt agus sa chlós. I rith na coicíse bíonn réimse leathan imeachtaí ar siúl, ó cheolchoirm, comórtas ealaíne, léamh le cara, tráth na gceist agus paráid. Bíonn atmaisféar iontach mórthimpeall na scoile agus tá sé ag dul i bhfeabhas ó bhliain go bliain.

Cúpla bliain ó shin i 2016  le comóradh 1916 ar siúl d’ardaíomar bratach na hÉireann ag geataí na scoile ar an séú lá deág de mhí Márta. Lá an-speisialta a bhí ann. Ní dhéanfaimid dearmad ar a lá sin go deo!

Amach anseo tá súil againn go leanfaidh an Ghaeilge ag dul ó neart go neart sa scoil. Mar a deir an seanfhocal ‘Labhair í agus mairfidh sí’!!